Proinsias Ó Mórdha 1937-2008This is a featured page

Proinsias Ó MórdhaProinsias Ó Mórdha with pint


Fuair Proinsias Ó Mórdha bás ar 18 Márta 2008 agus bhí a shocraid ar 22 Márta 2008. Ba fíor Dubs muintir Uí Mórdha ar fad. Agus comh maith le bheith bródúil as sin, deireadh Proinsias i gcónaí gur “man of letters” é, le solas beag in shúla aige, mar d’oibrigh sé mar fear an phoist i mBaile Átha Cliath ar feadh a shaol.

Bhí stalla ag muintir Uí Mórdha i Margadh Éisc Baile Átha Cliath. D’oibrigh máthair Proinsias ann le blianta sul a ndeaca a iníon, Mary, i gceannas ar. Ansin, le blianta, deireadh Pronsias go minic go mbeadh air séisiún éicint a fhágáil. An fá? Go raibh air éirigh go luath chun cuidiú le Mary sa Margadh – roimh dul ag obair in Oifig an Phoist.

Bhí beirt sa gclann a raibh Gaeilge líofa acu. Proinsias agus a dearthair Tomás. Truaigh le rá, fuair Tomás bás beagnach dhá bhliain ó shoin. Cúpla lá sul ar éag sé bhí mé féin, banaltra agus Tomás ag labhairt Gaeilge linn féin san ospidéal ar feadh tamaillín. Agus ní bheadh aon rud as de gná faoi sin - ach gur banaltra Filipino a raibh I gceist - tar éis an cúpla focal a fhoghlaim ó Thomás (bhí suas le trí nó ceithre teangachaí aice).

Ag an am seo d’admháil Tomás gur thóg sé an scilling timpeall ar 1950. “Agus c’én caoi ar éirig leat leis sin?”a d’fhiafruigh mise. “’Sé an caoi a raibh sé, a Jack, gur fhoghlaim mé mo chuid Gaeilge ansin, buíochas leis an mbanríon.”

Sin sampla den caoi a raibh an gloine i gconaí leath-lán ag muintir Uí Mórdha .

Bhí Satharn 15 Márta 2008 ana fhliuch. Bhí cósúlacht air nach mbeadh mórán daoine ag an mór-shiúil i n-agaidh an Cogadh san Irac. Ghléas mé féin in éadaí feiliúnach don aimsir. Ach ní raibh aon iontas orm nuair a chonaic mé Proinsias comh maith ann - i Sráid Uí Chonail.

In anneoin an lá a bheith ana mhí-compórdach do duine mar é, nach raibh gléasta go maith don aimsir (caithfe nach raibh sé ag súl leis an droch aimsir) seo a bhí dhá dhéanamh aige, cé nach raibh an sláinte go ró-mhaith aige, dhá lá sul ar imigh sé uainn.

Bhí sé gníomhach i go leor rudaí politiciúl ó chasadh i dtosach orm sna seascaidí é. Sul a raibh aithne agam air bhí sé ina bhall de cumann rothaíochta sna caogaidí. Roimhe sin, in a gasúr, thosaigh sé ag foghlaim ceol san Boys Brigade. As sin a tháinigh ceann de na h-amhráin classiciúl a mbíodh aige,

We’re in the Boys Brigade,
We’re eatin’ marmalade,
A half a pound of truppenny rice and a bottle of lemonade.

Timpeall na h-ama seo thosaigh Proinsias ag plé leis an nGaeilge sa gConradh. Lean sé leis an ngrá don teanga as sin amach, ar feadh a shaol.

Ó na seascaidí bhí baint ag Proinsias le eagraíochta mar Scéim na gCeardchumann, Páirtí an Lucht Oibre, Páirtí na nOibrighthe, an Ceardchumann in Oifig an Phoist agus tuile mar iad.

San am sin ar fad, an abairt is mó a úsaid sé, ceapaim, ná “tóg go bog é”. Ní go raibh sé coimeadach ina pholatíocht. A mhalairt den scéal. Ach níor thaitheann achrainn leis nuair nach raibh gá leis. Ola ar uisce corraithe - b’shin Proinsias Ó Mórdha.


Idir Seosamhín, a bhean céile, agus Proinsias ní raibh ambasadóirí níos fhearr ar son na Gaeilge. Mar is eol ag cách, thosnódh siad ag caint Gaeilge aiteachaí nach dtosnódh daoine eile. Go minic spreag siad suim sa teanga in aiteachaí nach raibh mórán suime roimhe sin ann.

Agus leis sin, ar ndó, bhí siad níos mó i dteagmháil le go leor daoine óga. Is deas an rud é gur lean Proinsias fada go leor a fheiceáil go nglactar, i measc na daoine óga, go bhfuil an Gaeilge anois “cool” mar a deirtear.

An cuid is mó de na daoiní go raibh aithne acu ar Phrionsias, níl aon amhrais acu ach gur imigh sé díreach don bhFlaitheas. Má tá a leithéid ann (comh fada agus is eol dom, ní raibh Proinsias fhéin ró chinnte) agus más fíor go ndeaca sé go dtí na geataí órdha - tá súl agam go raibh Gaeilge ag Naomh Pheadar.

Agus thréis dul isteach ag Proinsias, níl aon amhrais ach go raibh cúinne sa bhFlaithis ina raibh faoi lán sheol: an fheadóg stain; Oh you beautiful Doll; Boys of Barr na Sráide; the Rich Maharajah of Magador; na Conneries; I landed on the pavement with me four and nine; Is máistir bád mhór mé dul róid na Gaillimhe … agus Proinsias ag déanamh ceangailt idir namhaid na Gaeilge agus Rafferty’s Pig – adeireadh Proinsias faoi go minic, ‘… his iggerence would disgrace any cannibal - there was iggerence written all over his snout.

An tÁrd Rí a tugadh mar leasainm ar Phroinias. Cinnte, bhí sé sin tuilte aige. Ba fear mór go fisiciúil é - agus bhí sé mór ar gach bhealach eile freisin. Bhí an focal ‘mór’ina ainm aige. I measc an slua mór a raibh aithne acu air, a raibh mór leis, beidh brón ortha slán a fhágáil leis an bhfear mór Proinsias Ó Mórdha.

- Jack Gannon – Samhain 2008


cleclub
cleclub
Latest page update: made by cleclub , Mar 24 2009, 9:24 PM EDT (about this update About This Update cleclub Edited by cleclub

2 images added

view changes

- complete history)
Keyword tags: Proinsias Ó Mórdha
More Info: links to this page

Anonymous  (Get credit for your thread)


There are no threads for this page.  Be the first to start a new thread.